Projects
Projects
Cé muid féin agus ár gcuspóirí
50 years growing and developing
50 years growing and developing
Projects
Turais Samhraidh Ógras

Turais Samhraidh Ógras


COVID: Ag tabhairt tacaíocht

Uasdátú ar chúrsaí ó Ógras
A Chairde, tá súil againn go bhfuil ag éirí go maith le gach éinne agus go bhfuil sibh slán sábháilte.
Tá oifigí Ógras dúnta faoi láthair agus táimid ag cloí le treoirlínte an Rialtais ó thaobh scaradh sóisialta, lámha a nigh go minic, gan an teach a fhágáil ach amháin nuair atá sé riachtanach, srl. Ar ndóigh táimid tar éis a bheith orainn neart athraithe agus athchóirithe a dhéanamh ó thaobh clubanna agus campaí de, agus coimeádfaidh muid suas chun dáta sibh anseo agus ar na meáin shóisialta mar a athraíonn rudaí.
Tá ár bhfoireann fós ag obair ó bhaile, agus táimid ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do bhaill, do cheannairí agus do thuismitheoirí. Táimid ag fanacht gníomhach ar Facebook, Instagram agus Twitter, agus tá neart smaointe againn chun fanacht gníomhach sa bhaile, ina measc clubanna fíorúla ar líne, tráth na gceist, ranganna teagaisc, agus níos mó. Lean muid ar na meáin shóisialta agus tar i dteagmháil linn má tá aon cheist agat faoi Ógras nó moltaí agat dúinn:
Cúige Laighean/Cúige Uladh - Amie Ní Bhriain: laighean@ogras.ie ; 087 918 7120
Cúige Mumhan/ Cúige Connacht - Risteárd Ó Fuaráin: mumhan@ogras.ie; 087 219 4992
Eolas ginearálte - Bláithín de Burca: blaithin@ogras.ie
Tabhair aire, agus guíonn foireann Ógras gach rath agus gach buíochas ar na hoibrithe ar an líne thosaigh -
Míle Buíochas a Chairde.
SONRAÍ
TEAGMHÁLA ÓGRAS
Cúige Laighean/ Cúige Uladh
Amie Ní Bhriain
087 918 7120
Cúige Mumhan/Cúige Connacht
Risteárd Ó Fuaráin
087 219 4992
Eolas Ginearálta
Bláithín de Burca